Salm 105:39-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. Leath sé néal ina dtimpeall á gclúdach,agus tine a thug solas dóibh san oíche.

40. Chuir sé gearra goirt chucu ar a n‑iarratas;agus líon sé le bia ó neamh iad.

41. Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina shlaoda;agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach.

42. Óir ba chuimhin leis a bhriathar naofaa thug sé d'Abrahám, a ghiolla.

43. Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas;agus a mhuintir thofa le gártha áthais.

44. Agus thug sé dóibh críocha na gciníocha;agus ghabh siad a raibh saothraithe ag na náisiúin,

45. i dtreo go gcoimeádaidís a reachtanna;agus go gcomhlíonaidís a dhlíthe. Alleluia.

Salm 105