Salm 105:28-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,ach níor thug siad aird ar a bhriathar.

29. Rinne sé fuil dá n‑uiscíi dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.

30. Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,fiú amháin i seomraí a ríthe.

31. Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,agus de mhíolta ar fud na tíre.

32. Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;agus tine chraosach trína gcríocha go léir.

33. Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí;agus threascair sé crainn uile a gcríocha.

34. Labhair sé agus tháinig na lócaistí,agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh.

35. Shlog siad a raibh de luibheanna sa tír,agus d'ith siad toradh a dtalaimh.

36. Bhuail sé gach céadghin ina bhfearann,céadtoradh a nirt go léir.

Salm 105