Salm 104:28-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Cruinníonn siad le chéile a dtugann tú dóibh;leathann tú do lámh agus líontar iad.

29. Má fholaíonn tú d'aghaidh bíonn siad buartha,má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad,agus casann siad ar an luaithreach as úire.

30. Nuair a chuireann tú do spiorad uait cruthaítear iad;agus athnuann tú aghaidh na talún.

31. Go maire glóir an Tiarna go brách!go raibh lúcháir ar an Tiarna faoina ndearna sé!

32. Le sileadh súile cuireann sé an talamh ar crith;má leagann sé barr méire ar na sléibhte, tiocfaidh toit astu!

33. Beidh mé ag canadh don Tiarna fad a mhairfidh mé;molfaidh mé mo Dhia fad is beo dom.

Salm 104