Salm 103:3-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Maitheann sé do chionta go léir duit;agus leigheasann sé d'easláintí uile.

4. Fuasclaíonn sé d'anam ón uaigh;corónaíonn sé le buanghrá is le trua thú.

5. Líonann sé do shaol le nithe fónta;déantar d'óige a athnuachan mar a bheadh iolar.

6. Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm;tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.

7. Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois;agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.

8. Is grámhar trócaireach é an Tiarna,foighneach agus lán de cheansacht.

9. Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh;ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.

Salm 103