Salm 102:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar;rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe.

6. Bím ag caí agus ag gol go fuíoch;bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.

7. Is cosúil mé le peileacán san fhásach,le hulchabhán i measc na bhfothracha.

8. Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh,mar éan ar dhíon tí ina aonar.

9. Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor;agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.

10. Óir ithim luaithreach mar a ithim arán;agus meascaim mo dheoch le deora,

11. de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile,óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.

12. Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh;tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.

13. Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe;maireann d'ainm ó ghlúin go glúin.

14. Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón,óir is mithid duit trua a dhéanamh di,toisc gur tháinig a hionú isteach.

15. Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha;agus is trua leo fiú amháin a fothracha.

16. Beidh eagla ar na ciníocha roimh d'ainm, a Thiarna;agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir.

Salm 102