Salm 102:26-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Bhunaigh tú an talamh ar dtús;is iad na flaithis saothar do lámh.

27. Rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa;rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh.Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad;

28. ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.

29. Mairfidh clann do sheirbhíseach go buan;agus beidh a sliocht i do láthair go brách.

Salm 102