Salm 102:19-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Scríobhtar an ní seo le haghaidh na glúine atá le teacht;moladh pobal nár rugadh fós an Tiarna.

20. “D'fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde;bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.

21. i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach;agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” -

22. D'fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón,agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,

23. nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile;chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.

24. D'ídigh sé mo neart sa tslí;rinne sé mo laethanta a ghiorrú.

25. Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil,ná sciob mé leat i lár mo laethanta,ós tú a mhaireann go brách na breithe.”

26. Bhunaigh tú an talamh ar dtús;is iad na flaithis saothar do lámh.

27. Rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa;rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh.Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad;

28. ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.

29. Mairfidh clann do sheirbhíseach go buan;agus beidh a sliocht i do láthair go brách.

Salm 102