Salm 10:8-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte:dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh.Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.

9. Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais,fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise:beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.

10. Cromann sé chun léim a thabhairtagus titeann an t‑anbhann le treise a lámh.

11. Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia;folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

12. Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia!agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.

13. Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia,á rá ina chroí: “Ní imreoidh sé díoltas”?

14. Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamhionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh.Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir,is tú a thugann cúnamh don dílleachta.

Salm 10