Salm 10:13-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia,á rá ina chroí: “Ní imreoidh sé díoltas”?

14. Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamhionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh.Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir,is tú a thugann cúnamh don dílleachta.

15. Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh,agair a n‑urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.

16. Is é an Tiarna is rí go brách na breithe;rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.

17. Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht;daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,

18. a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d'fhulaing éigeanionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.

Salm 10