14. Am dinnéir dúirt Boaz léi: “Tar agus ith smut den arán seo agus tum do ghreim san fhíon.” Shuigh Rút leis an meitheal, agus rinne Boaz [carnán] grán dóite di agus d'ith sí a sáith de agus bhí fuílleach aici.
15. Ansin d'éirigh sí arís chun díolama agus thug Boaz ordú dá ghiollaí: “Ligigí di díolaim i measc na bpunann féin agus ná cuirigí isteach uirthi.
16. Agus tarraingígí roinnt diasa as na punanna agus fágaigí ansiúd roimpi iad le bailiú agus ná bígí á ceartú.”
17. Rinne sí díolaim mar sin sa ghort go tráthnóna. Ansin rinne sí a cnuasach a bhualadh agus bhí timpeall éafá eorna ann.
18. Thug sí léi é agus d'imigh isteach sa chathair; thaispeáin sí a cnuasach do mháthair a céile. Leag sí os a comhair chomh maith an bia a bhí fágtha tar éis di féin a sáith a ithe agus thug di é.
19. Dúirt máthair a céile léi: “Cá raibh tú ag díolaim inniu? Cá raibh tú ag obair? Go raibh beannacht ar an té a thóg ceann duit!” Ansin d'inis Rút do mháthair a céile cé leis a ndearna sí an díolaim, agus dúirt: “Boaz is ainm don té a raibh mé ag obair leis inniu.”
20. Dúirt Náoimí le bean a mic: “Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.” Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: “Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.”
21. Labhair Rút an Móábach mná ansin: “Dúirt sé liom chomh maith,” ar sí, “ ‘lean ar shála mo mheithle go dtí go mbeidh m'fhómhar go léir bainte acu.’ ”
22. Agus dúirt Náoimí le Rút baintreach a mic: “Is fearr duit dul amach lena mheithealsan in áit dul go gort eile mar ar bhaol go gcuirfí isteach ort.”