19. Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.
20. Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.
21. Oir d'imigh mé liom sáchagus thug an Tiarna abhaile mé seang.Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin,mar thug an Tiarna fianaise i m'aghaidh,agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?”
22. D'fhill Náoimí mar sin ó thír Mhóáb agus Rút bean a mic, an Móábach mná ina teannta; agus thángadar go Beithil i dtús fómhar na heorna.