Rút 1:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ach dúirt Náoimí: “Ní mór daoibh dul ar ais, a iníonacha liom. Cad ab áil libh teacht liomsa? An bhfuil clann mhac fós i mo bhroinn le bheith mar fhir chéile agaibh?

12. Filligí, a iníonacha; imígí libh mar táimse róaosta le pósadh ar ais. Fiú dá ndéarfainn go bhfuil dóchas agam fear a fháil anocht féin, agus clann mhac breise a bheith orm,

13. an mbeadh sibh sásta fanacht nó go bhfásfaidís? An bhfanfadh sibh gan pósadh chuige sin? Ná déanaigí, a ógmhná, mar go ngoillfeadh sé go mór orm ar bhur son-sa gur tógadh lámh an Tiarna i mo choinne.”

14. Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus d'imigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth.

15. Dúirt Náoimí [le Rút] ansin: “Féach i leith orm anois. Siúd í bean do dhearthár imithe ar ais chun a muintire féin agus chun a dé féin. Imighse leat chomh maith agus lean bean do dhearthár.”

16. Ach d'fhreagair Rút: “Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óircibé áit a rachaidh tusa,is ann a rachaidh mise,agus cibé áit a mbainfidh tusa fút,is ann a bhainfidh mise fúm;siad do mhuintirse is muintir domsa,agus is é do Dhia is Dia domsa.

17. Fód do bháis, fód mo bháis-sé,agus láthair m'adhlactha.Go ndéana an Tiarna seo agus siúd liom,agus a thuilleadh fós,dá scarfadh fiú an bás ó chéile sinn!”

18. Nuair a thuig Náoimí go raibh sí meáite ar dhul léi, ní dúirt sí a thuilleadh.

19. Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.

20. Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.

21. Oir d'imigh mé liom sáchagus thug an Tiarna abhaile mé seang.Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin,mar thug an Tiarna fianaise i m'aghaidh,agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?”

Rút 1