Rómhánaigh 6:2-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Nár lige Dia sin! Sinne a fuair bás mar leis an bpeaca, conas a mhairfimid fós ann?

3. Nó an é nach dtuigeann sibh, gach duine againn a baisteadh in Íosa Críost, gur ina bhás a baisteadh é.

4. Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar.

5. Mar má táimid aontaithe leis trí mhacasamhail a bháis beimid aontaithe leis freisin trí mhacasamhail a aiséirí.

6. Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár seannádúr mar aon leis ar an gcrois d'fhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó.

7. Mar an té atá tar éis bháis, tá sé saor ón bpeaca.

Rómhánaigh 6