4. Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?
5. Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,
6. a chúiteoidh le cách de réir a ghníomhartha.
7. An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;
8. fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid.
9. Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t‑olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith.
10. Ach glóir agus onóir agus síocháin a bheidh ag cách a dhéanann an mhaith, ag an nGiúdach ar dtús agus ag an nGréagach chomh maith,
11. mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile.
12. Gach duine dá ndearna peaca gan bheith faoi réir an dlí caillfear é gan an dlí a chur san áireamh. Ach aon duine dá ndearna peaca agus é faoi réir an dlí, is de réir an dlí a thabharfar breith air.
13. Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar.