Rómhánaigh 15:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n‑ábhar dóchais againn.

5. Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa

6. ar shlí go mbeidh sibh d'aontoil agus d'aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.

7. Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé.

8. Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú

9. agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa:“Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún,agus canfaidh mé do d'ainm le duan.”

10. Agus deirtear in áit eile:“Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.”

11. Agus in áit eile fós:“Molaigí an Tiarna, a náisiúna uileagus móradh na pobail go léir é.”

12. Agus arís, deir Íseáia:“Eascróidh fréamh de chuid Ieise,an té a éireoidh chun na náisiún a rialú.As siúd a bheidh a muinín acu.”

13. Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.

Rómhánaigh 15