Rómhánaigh 10:11-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.”

12. Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t‑aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air,

13. “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”

14. Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh?

15. Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”

16. Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?”

Rómhánaigh 10