Obaidiá 1:5-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. “Dá dtiocfadh robálaithe chugatnó sladairí san oíche -cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! -nár leor mar shlad acu a ndóthain féin?Dá dtiocfadh lucht bainte caor,nach bhfágfaidís caora díolama?

6. Cad é mar a creachadh Éasau!rinneadh slad ar a sheoda.

7. Mheall do chomhghuaillithe go léir thú!thiomáin siad go himill do chríoch thú.Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort;chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat.- ‘Níl aon eagna fágtha aige.’

8. Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna,na saoithe as Eadóm an lá sin?agus an eagna as Sliabh Éasau.

9. Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán,i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”

10. “Beidh brat náire ort faoin bhforéigeana rinneadh ar do bhráthair Iósaef,agus rachaidh tú ar ceal go brách.

11. An lá a sheas tú i leataobhan lá a rug strainséirí a mhaoin leo,agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach,agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn,ba gheall le duine díobh thú.

12. Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leatcás do bhráthar lá a mhí-áidh;go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá,lá a mífhortúin,agus maíomh lá na duainéise.

13. B'olc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach,lá a mhillte,gur gheal leat a thubaiste,lá a mhillte,agus go ndearna tú creach ar a mhaoin,lá a mhillte.

Obaidiá 1