2. “Déanfaidh mé beag thú, féach, i measc na náisiún;beidh tarcaisne ort ag daoine.
3. Chuir uaill do chroí ar seachrán thú,thusa a chónaíonn i scailp na carraige,a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat,a deir i do chroí:‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’
4. Cé go n‑éireofá san aer mar iolar,agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí,theilgfinnse síos as sin thú,”a deir an Tiarna.
5. “Dá dtiocfadh robálaithe chugatnó sladairí san oíche -cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! -nár leor mar shlad acu a ndóthain féin?Dá dtiocfadh lucht bainte caor,nach bhfágfaidís caora díolama?
6. Cad é mar a creachadh Éasau!rinneadh slad ar a sheoda.
7. Mheall do chomhghuaillithe go léir thú!thiomáin siad go himill do chríoch thú.Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort;chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat.- ‘Níl aon eagna fágtha aige.’
8. Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna,na saoithe as Eadóm an lá sin?agus an eagna as Sliabh Éasau.
9. Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán,i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”
10. “Beidh brat náire ort faoin bhforéigeana rinneadh ar do bhráthair Iósaef,agus rachaidh tú ar ceal go brách.
11. An lá a sheas tú i leataobhan lá a rug strainséirí a mhaoin leo,agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach,agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn,ba gheall le duine díobh thú.
12. Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leatcás do bhráthar lá a mhí-áidh;go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá,lá a mífhortúin,agus maíomh lá na duainéise.
13. B'olc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach,lá a mhillte,gur gheal leat a thubaiste,lá a mhillte,agus go ndearna tú creach ar a mhaoin,lá a mhillte.