3. Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D'éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí.
4. Agus bhí Eazrá an scríobhaí ina sheasamh ar ardán adhmaid a tógadh le haghaidh na hócáide. Taobh leis, ar a dheis, sheas Maititiá, Seama, Anáiá, Úiríá, Hilcíá agus Másaeiá; agus ar a chlé Padáiá, Míseáéil, Mailcíveá, Háisium, Haisbeadáná, Zacairiá agus Misiulám.
5. Agus d'oscail Eazrá an leabhar i radharc an phobail uile mar bhí sé in airde os a gcionn go léir. Agus nuair a d'oscail sé é, d'éirigh an pobal go léir ina seasamh.
6. Ansin thug Eazrá moladh don Tiarna, Dia mór, agus d'ardaigh an pobal go léir a lámha agus d'fhreagair siad: “Amen! Amen!” agus chrom siad síos agus shléacht siad go talamh roimh an Tiarna.
7. Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.
8. Léigh Eazrá giotaí as leabhar an dlí, agus thug aistriú agus míniú orthu don phobal ionas go dtuigfidís a raibh á léamh.
9. Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.
10. Ansin dúirt sé leo: “Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige. Óir tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brón oraibh óir is é áthas an Tiarna bhur neart.”
11. Agus chiúnaigh na Léivítigh an pobal go léir á rá: “Bígí ar bhur suaimhneas; is lá coisricthe é seo; ná bíodh brón oraibh.”
12. Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.
13. An dara lá chruinnigh cinn finí an phobail ar fad agus na sagairt agus na Léivítigh timpeall Eazrá an scríobhaí le staidéar a dhéanamh ar bhriathra an dlí.
14. Agus fuair siad scríofa sa dlí a d'aithin an Tiarna trí Mhaois: “Tá clann Iosrael le maireachtáil i scáthláin le linn féile an tseachtú mí.”