Nihimiá 7:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh).

2. Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.

3. Dúirt [mé] leo: “Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.”

4. Ba mhór agus b'fhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha.

5. Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal d'fhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. D'aimsigh mé clár ginealach na muintire úd a d'fhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann:

6. Seo iad muintir an chúige a d'fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d'fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin.

7. D'fhill siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Azairiá, Ráimiá, Nachamánaí, Mordacaí, Bilseán, Mispirit, Bigví, Nahúm, Báná.Liosta na bhfear do phobal Iosrael:

8. clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó;

9. clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó;

10. clann mhac Árach, sé chéad caoga a dó;

11. clann mhac Phachat Móáb, sé sin clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a hocht déag;

Nihimiá 7