3. Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: “Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.”
4. Chuir siad fios orm ceithre huaire ar an tslí sin, agus thug mé an freagra céanna orthu.
5. Chuir Sanballat, ar an intinn chéanna, a sheirbhíseach chugam den chúigiú huair le litir oscailte.
6. Seo mar a bhí scríofa inti: “Tá sé ina scéal reatha i measc na gciníocha, de réir mar a deir Geisim, go bhfuil ceannairc á beartú agatsa agus ag na Giúdaigh, agus gur chuige sin atá tú ag tógáil an bhalla, agus go bhfuil tú féin le bheith i do rí;
7. gur thug tú treoracha d'fháithe a fhógairt ar mhaithe leat in Iarúsailéim: ‘Tá rí ag Iúdá.’ Cloisfidh an rí na ráflaí seo go luath i dtreo go mb'fhearr duit teacht, más ea, agus cúrsaí a phlé linn.”
8. Chuir mé freagra ar ais chuige ar an méid sin: “Maidir lena bhfuil ráite agat, níor tharla aon ní dá leithéid; cumadóireacht as barr do chinn féin é go léir.”
9. Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: “Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.” Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam.
10. Thug mé cuaird ar Sheamaiá mac Dhaláiá mac Mhahaetabael mar go raibh cosc air teacht chugam. Dúirt sé:“Buailimis le chéile i dTeampall Dé,i ndiamhra an tsanctóra;Dúnaimis doirse an tsanctóra,Óir tá siad ag teacht ar tí do mharaithe,Tá siad ag teacht ar tí do mharaithe anocht.”
11. Ach d'fhreagair mé: “An dteithfeadh mo leithéidse? An rachadh fear de mo sheasamhsa isteach sa sanctoir lena anam a shabháil? Ní rachaidh mé!”
12. Thuig mé agus chonaic mé nach amhlaidh a chuir Dia é le hé sin a rá, ach gur fhógair sé an t‑oracal sin orm mar go raibh Tóibíá [agus Sanballat] á dhíol,
13. le go ndéanfainn é sin le barr scanradh, agus go ndéanfainn peaca le go bhféadfaidís mo cháil a mhilleadh agus fonóid a dhéanamh fúm.