1. Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n‑iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu,
2. agus rinneadar comhcheilg teacht le chéile agus Iarúsailéim a ionsaí agus cur as do mo bheartas.
3. Ansin ghuíomar chun ár nDé agus chuireamar buíon ar garda ina n‑aghaidh de lá agus d'oíche [d'fhonn an chathair a chosaint].
4. Ach chrom Iúdá ar ghearán: “Tá neart an lucht iompair ag teip agus is mór a bhfuil de luaithreach ann fós; ní chuirfimid críoch leis an mballa go deo.”
5. Agus deireadh ár naimhde: “Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.”
6. Thug Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ina gcóngar rabhadh dúinn deich n‑uaire ina dtaobh, á rá: “Tá siad chugainn as gach ball ina bhfuil cónaí orthu.”