Nihimiá 13:17-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: “Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide!

18. Nach mar sin díreach a rinne bhur sinsir, i dtreo gur thug Dia an ainnise seo go léir orainn féin agus ar an gcathair seo! An mian libh cuthach eile feirge a thabhairt ar an gcathair le truailliú na sabóide?”

19. Díreach roimh an tsabóid nuair a bhí scáilí an dorchadais ag titim ar gheataí Iarúsailéim, thug mé ordú na comhlaí a dhúnadh, agus dúirt mé: “Na hosclaígí arís iad nó go mbeidh an tsabóid thart.” Chuir mé cuid de mo sheirbhísigh ag faire ag na geataí i dtreo nach n‑iomprófaí aon ualach isteach ar an tsabóid.

20. Uair nó dhó chaith ceannaithe, agus mangairí gach sórt earra, an oíche lasmuigh de Iarúsailéim.

21. Ach bhagair mé orthu: “Cén fáth a bhfuil sibh ag caitheamh na hoíche le taobh an bhalla? Má dhéanann sibh amhlaidh arís, díolfaidh sibh as uaimse!” As sin amach níor tháinig siad ar an tsabóid a thuilleadh.

22. D'ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom.

23. Chonaic mé freisin an t‑am úd Giúdaigh a phós mná ó Aisdeod, ó Amón agus ó Mhóáb.

24. Maidir le leanaí, labhair leath acu teanga Aisdeod nó teanga cheann de na ciníocha eile, ach gan teanga Iúdá ar a gcumas.

Nihimiá 13