Nihimiá 12:39-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. Ghabh an dara cór buíochais tuathal; lean mé féin é, agus leath an phobail, ar feadh barr an bhalla, lastuaidh de Thúr na Sorn, agus chomh fada le [balla na Cearnóige],

40. ansin thar Gheata Eafráim, (thar an SeanGheata,) Geata an Éisc, agus Túr Hananael, chomh fada le Geata na gCaorach. Stad siad ag Geata [na Faire].

41. Chuaigh an dá chor buíochais ansin chun a n‑ionaid i dTeampall Dé. Bhí leath na bhfeidhmeannach in éineacht liomsa,

42. agus na sagairt Eiliácaím, Másaeiá, Miniáimín, Míocáiá, Eilióaenaí, Zacairiá, agus Hanainiá ag iompar stoc;

43. Másaeiá freisin agus Seamaiá, Eileázár, Uizí, Iahóchánán, Mailcíveá, Éalám agus Eizir. Chan na cantairí faoi threoir Iazraichiá a gceannaire.

44. Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.

45. Ceapadh fir ansin le bheith i gceannas na seomraí do na stóir, do na hofrálacha, na céadtorthaí agus na deachúna, d'fhonn go mbaileoidís isteach iontu na sciaranna úd ó na bailte fearainn a dheonaigh an dlí do na sagairt agus do na Léivítigh. Óir ba ábhar áthais ag Iúdá na sagairt agus na Léivítigh i mbun a ndualgas.

Nihimiá 12