Nihimiá 10:39-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste,

40. mar gur go dtí na seomraí sin a thugann na hIosraelaigh agus na Léivítigh a síntiúis arbhair agus fíona agus ola, agus gur iontu a choimeádtar soláthairtí don sanctóir, do na sagairt ar dualgas, do na gardaí geata agus do na cantairí.

41. Maidir le soláthairtí adhmaid le dó ar altóir ár nDé faoi mar atá scríofa sa dlí, chuireamar ar cranna é idir sagairt agus Léivítigh agus pobal, agus shocraíomar go ndéanfadh gach teaghlach ar a uain iad a sheachadadh go Teampall an Tiarna ár nDe tráthanna áirithe gach bliain.

42. Ní dhéanfaimid faillí go deo arís ar Theampall ár nDe.

Nihimiá 10