37. agus céadghin mic ár gclainne, agus céadghin ár n‑eallaigh, faoi mar atá scríofa sa dlí - do na sagairt ar dualgas i dTeampall an Tiarna céadghin ár dtáinte agus ár dtréada.
38. Tabharfaimid freisin togha ár mine, toradh gach crainn, fíon nua agus ola, chun na sagart, go seomraí Theampall ár nDé; agus go dtí na Léivítigh deachúna na talún; baileoidh na Léivítigh féin na deachúna ónár mbailte go léir faoin tuath.
39. Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste,
40. mar gur go dtí na seomraí sin a thugann na hIosraelaigh agus na Léivítigh a síntiúis arbhair agus fíona agus ola, agus gur iontu a choimeádtar soláthairtí don sanctóir, do na sagairt ar dualgas, do na gardaí geata agus do na cantairí.