Míocá 4:4-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúinagus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu.Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.

5. Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidhin ainm a dhé féinach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.

6. An lá sin - a deir an Tiarna,cruinneoidh mé na caoirigh bhacacha;baileoidh mé na cinn a ruaigeadh chun fáinagus na cinn ar thug mé drochíde dóibh.

7. Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agamagus déanfaidh mé náisiún láidirden mhuintir atá tuirseach traochta.Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíónas seo amach agus go deo.

Míocá 4