1. Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim.
2. Éistigí, a phobala uile;cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann.Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidhnuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa.
3. Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaitheagus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne.
4. Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosamar chéir os comhair na tinenó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar.
5. De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léirde dheasca pheaca theaghlach Iosrael.Agus céard é coir Iacóib?Nach í an tSamáir í?Agus céard é peaca theaghlach Iúdá?Nach í Iarúsailéim í?
6. Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir,áit a chuirfear faoi fhíniúna.Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleannnó go nochtfar an bhunsraith.
7. Brisfear a dealbha uile;dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine;déanfaidh mé smidiríní dá híola uile.Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iadagus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.
8. Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagónagus a rachaidh mé cosnochta lomagus a mbéicfidh mé ar nós na seacálagus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.
9. Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna],óir d'aimsigh sé Iúdáagus bhain sé amach geata mo phobailagus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.