13. Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”
14. Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”
15. Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.
16. Ní chuirfeadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é.
17. Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.”
18. Le linn dó bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus d'umhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”
19. D'éirigh Íosa agus lean é, é féin agus a dheisceabail.
20. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,
21. mar dúirt sí léi féin: “Mura ndéanaim ach mo lámh a chur lena bhrat, beidh mé slán.”
22. Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.