Matha 7:4-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin!

5. A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.

6. “Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.

7. “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

8. Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.

9. Nó cén duine agaibh a n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige?

10. Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige?

11. Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?

12. “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.

Matha 7