Matha 4:20-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. D'fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.

21. Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.

22. D'fhág siad an bád agus a n‑athair láithreach agus lean siad é.

23. Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.

24. Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.

25. Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.

Matha 4