Matha 4:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím

14. chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

15. “Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím,bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,Gailíl na gciníocha,

16. an pobal a bhí ina suí sa dorchadas,chonaic siad solas mór,an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis,d'éirigh solas chucu.”

17. Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”

18. Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.

19. Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”

Matha 4