Matha 27:45-56 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

45. Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.

46. Agus timpeall an naoú huair, d'éigh Íosa de ghlór ard: “Élí, Élí, lamá sabachtání?” is é sin le rá: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?”

47. Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: “Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,”

48. agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó.

49. Ach dúirt an chuid eile: “Fan go bhfeicimid an dtiocfaidh Éilias á shaoradh.”

50. Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad.

51. Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.

52. D'oscail na tuamaí agus d'éirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan:

53. tháinig siad amach as na tuamaí tar éis d'Íosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán.

54. An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”

55. Agus bhí mórán ban ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú, iad siúd a bhí tar éis Íosa a leanúint ón nGailíl chun bheith ag freastal air:

56. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais agus Iósaef, agus máthair chlann Zeibidé.

Matha 27