3. Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa d'airgead geal ar ais d'uachtaráin na sagart agus do na seanóirí,
4. ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”
5. Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.
6. Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: “Ní dleathach iad do chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.”
7. Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí.
8. Sin é a d'fhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin.
9. Ansin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Agus thóg siad an tríocha píosa d'airgead geal, luach an duine a measadh - ag cuid de chlann Iosrael a measadh é -
10. agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar bheartaigh an Tiarna dom.”
11. Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d'fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.”
12. Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt.
13. Dúirt Pioláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil d'fhianaise acu á thabhairt i d'aghaidh?”
14. Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir.
15. Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo.
16. Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas.