Matha 27:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású.

2. Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.

Matha 27