1. Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d'fhonn é a bhású.
2. Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.
3. Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa d'airgead geal ar ais d'uachtaráin na sagart agus do na seanóirí,
4. ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”
5. Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.
6. Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: “Ní dleathach iad do chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.”
7. Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí.
8. Sin é a d'fhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin.
9. Ansin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Agus thóg siad an tríocha píosa d'airgead geal, luach an duine a measadh - ag cuid de chlann Iosrael a measadh é -
10. agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar bheartaigh an Tiarna dom.”
11. Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d'fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.”
12. Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt.
13. Dúirt Pioláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil d'fhianaise acu á thabhairt i d'aghaidh?”
14. Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir.
15. Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo.
16. Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas.
17. Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” -
18. mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh.