Matha 25:33-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé.

34. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.

35. Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom,

36. bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m'fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’

37. Freagróidh na fíréin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit?

38. Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort?

39. Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’

40. Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’

Matha 25