Matha 25:3-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu,

4. ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróiciní leo chomh maith leis na lampaí.

5. Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh.

6. Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’

7. D'éirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí.

8. Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n‑olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’

9. D'fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b'fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’

10. Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras.

11. Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A thiarna, a thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’

12. Ach d'fhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’

13. Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.

14. “Ar nós an duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin;

15. thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile - do gach duine de réir an chumais a bhí ann - agus d'fhág an tír.

16. Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú.

17. Mar an gcéanna d'fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile.

18. Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach.

19. Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo.

20. Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, d'fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’

21. Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’

Matha 25