Matha 25:22-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d'fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’

23. Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’

24. Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t‑aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh;

25. agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’

26. Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh:

27. ba cheart duitse mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús.

28. Bainigí de an tallann agus tugaigí í don duine a bhfuil na deich dtallann aige,

29. óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.

30. Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’

31. “Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.

32. Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair.

33. Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé.

34. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.

35. Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom,

36. bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m'fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’

37. Freagróidh na fíréin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit?

38. Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort?

Matha 25