12. Ach d'fhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’
13. Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.
14. “Ar nós an duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin;
15. thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile - do gach duine de réir an chumais a bhí ann - agus d'fhág an tír.
16. Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú.
17. Mar an gcéanna d'fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile.
18. Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach.
19. Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo.
20. Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, d'fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’
21. Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
22. Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d'fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’
23. Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
24. Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t‑aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh;
25. agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’
26. Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh: