Matha 23:5-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Déanann siad a n‑oibreacha uile d'fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;

6. is maith leo an chéad áit sna fleánna agus na príomhshuíocháin sna sionagóga,

7. agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

8. Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.

9. Agus ná glaoigí bhur ‘n‑athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t‑aon Athair, an té atá ar neamh.

10. Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t‑aon Mhúinteoir, an Críost.

11. An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh.

12. Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.

13. “Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.

14. (“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)

15. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.

16. “Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’

17. A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t‑ór féin nó an sanctóir faoi deara an t‑ór a bheith naofa?

18. Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’

Matha 23