24. Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Agus tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.
25. Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’
26. Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”
27. Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
28. “Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. D'agaill sé duine acu ar dtús: ‘A mhic,’ ar seisean, ‘téighse inniu ag obair san fhíonghort.’
29. D'fhreagair sé é: ‘Tá go maith, a dhuine uasail,’ ar seisean; ach ní dheachaigh.
30. D'agaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus b'é a fhreagra seo: ‘Ní dhéanfaidh mé,’ ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh.
31. Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.
32. Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t‑aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”
33. “Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.
34. Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.
35. Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile.