12. ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t‑aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d'fhulaing ualach an lae agus an brothall.’
13. D'fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom?
14. Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit.
15. An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
16. Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
17. Bhí Íosa ag dul suas go Iarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo:
18. “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tabharfar Mac an Duine ar láimh d'uachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe, agus daorfaidh siad sin chun báis é,
19. agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus eireoidh sé an treas lá.”
20. Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus d'umhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air.
21. Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agamsa, go n‑ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.”
22. D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”
23. Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m'Athair.”
24. Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt dearthár.
25. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.