1. Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
2. ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”
3. Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna.
4. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.
5. D'inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh: