Matha 19:12-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!”

13. Thug siad leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu.

14. Dúirt Íosa: “Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo ríocht na bhflaitheas.”

15. Chuir sé a lámha orthu agus bhuail sé roimhe ón áit sin.

16. Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?”

17. Dúirt sé leis: “Cén fáth a bhfiafraíonn tú díomsa faoin maith? Aon neach amháin is maith. Ach más áil leat dul isteach sa bheatha, coinnigh na haitheanta.”

18. “Cad iad féin?” ar seisean leis. Dúirt Íosa: “Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige.

19. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.”

20. Dúirt an fear óg leis: “Choimeád mé iad sin uile: cad é an t‑easnamh atá fós orm?”

21. “Más áil leat bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.”

22. Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus d'imigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.

23. Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i ríocht na bhflaitheas.

24. Agus táim á rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

25. Ar a chloisteáil sin do na deisceabail, ghabh iontas mór iad agus dúirt siad: “Cé is féidir a shlánú más ea?”

26. Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”

27. Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”

28. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

29. Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.

30. “Beidh mórán dá bhfuil ar tosach ar deireadh agus dá bhfuil ar deireadh ar tosach.

Matha 19