1. Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i ríocht na bhflaitheas?”
2. Ghlaoigh sé leanbh chuige, chuir ina sheasamh ina lár é
3. agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche.
4. Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas.
5. Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise.
6. Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b'fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.
7. Is mairg don domhan mar gheall ar na scannail. Is éigean na scannail a theacht, ach is mairg don duine a dtagann an scannal tríd.
8. “Más siocair pheaca duit do lámh nó do chos, gearr anuas í agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach nó bacach ná an dá láimh nó an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh sa tine shíoraí.
9. Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine ifrinn.
10. “Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.