5. Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
6. Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d'uamhan.
7. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.”
8. Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin.
9. Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
10. Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?”
11. Ba é freagra a thug Íosa: “Sea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís.
12. Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.”
13. Thuig na deisceabail ansin gur chun Eoin Baiste a bhí sé ina chomhrá leo.
14. Ar fhilleadh chun an tslua dóibh, tháinig fear ina airicis, chuaigh ar a dhá ghlúin
15. agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin;
16. agus thugas chun do chuid deisceabal é ach ní fhéadfaidís é leigheas.”
17. D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.”
18. Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t‑ógánach leigheasta ón noiméad sin.