7. Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
8. Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t‑arán libh?
9. Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas?
10. Nó na seacht mbuilíní don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas?
11. Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”
12. Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.
13. Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d'fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”
14. Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”
15. Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibhse mé?”
16. Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”
17. D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh.
18. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.
19. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.”
20. Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.
21. Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.
22. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!”
23. Ach d'iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.”