1. Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
2. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: ‘Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg’;
3. agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n‑aimsirí seo a bhreithniú?
4. Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.
5. Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo.
6. Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”
7. Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
8. Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t‑arán libh?
9. Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas?
10. Nó na seacht mbuilíní don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas?
11. Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”
12. Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.
13. Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d'fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”