12. Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d'Íosa.
13. Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois.
14. Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.
15. Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.”
16. Ach dúirt Íosa leo: “Ní gá dóibh imeacht; tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.”
17. “Ach,” ar siadsan leis, “níl anseo againne ach cúig builíní agus dhá iasc.”
18. “Tugaigí chugam anseo iad,” ar seisean.
19. D'ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.
20. D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag.
21. Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
22. Ansin chuir sé d'fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.